Cumann Peil
Cathair Loistreáin
Bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael Chathair Loistreáin Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1888. Tionóladh cruinniú ‘théis Aifreann ar an Dómhnach agus toghadh na hoifigí seo leanas.
Uachtarán: Liam de Búrca
Leas uachtarán: Dónal Ó Corcoráin
Cisteoir: Séamus Ó hEisín
Rúnaí: Seán mac Aodha
Bhíodh cluichí ar siúl roimhe sin idir foirne áitiúla m.s. cluiche in aghaidh Eanach Dhúin ag Dabhach Cuana ar an 15/08/1887 áit a raibh slua mór daoine idir óg agus aosta agus iad lán páirteach i go leor cúrsaí spóirt.
Bhuaigh na peileadóirí craobh na Gaillimhe agus Chonnacht 1890 agus ghlac siad páirt i gcluichí anseo is ansiúd thart timpeall an chondae. Bhí na peileadóirí le feiceáil sna comórtaisí suas go dtí an lá atá inniu ann idir faoi aois agus fásta le buachacht teoranta. Déirigh le roinnt mhaith acu peil a imirt don Chondae agus anois tá Seán MacChraith ina chaptaen ar foireann mionúir na Gaillimhe, tá Liam mac a’ Bhreithiúnaigh ina bhaill de na faoi 20 agus Céin ó Dorchaigh sa phainéal sinnsear.
Nuair a thosaigh an club ní raibh ach foireann amháin ach diaidh ar ndiaidh mhéadaigh na himreoirí agus sa bhliain 1977 thosaíodh Bord na nÓg.
Deirigh go maith leis sin agus i 1988 bhain na faoi 18 craobh na Gaillimhe amach le Padraig Ó Coisdeala mar chaptaen.
I mbliana tá páistí cúig bliana daois ag imirt agus tá sé deacair spás a fháil chun traenála d’aon aois ghrúpa ó Luan go Domhnach. Tá buachaillí agus cailíní ag baint taitneamh as an bpeil anois agus nach deas é sin a fheiceáil!
Tá páirc imeartha, páirc traenála, páirc astro, halla liathróid láimhe, cistin, seomra cruinnithe, seomraí feistis, seomra bia agus halla mór le stáitse againn.
Bíonn bingo ar siúl gach Máirt I rith na bliana agus is féidir bheith páirteach sa lotto gach seachtain freisin.
Tá coiste stiúrtha an láidir, níos mó ná fiche, againn i 2019 le Breandán Marrinan ina chathaoirleach agus Eamon Ó Catháin ina stiúrthóir ar Bhord na nÓg.
Déanann go leor daoine an-obair go deo sa chlub agus táimid an-bhródúil as!
Tá fáilte is fiche roimh cách I gcónaí agus ag an deireadh seachtaine stairiúl seo tá fáilte roimh ár gcuairteoirí uilig.